Is aistriúchán é seo ar an mbunleagan Béarla, a chuirtear ar fáil mar áis duit. Má bhíonn aon difríocht idir an dá leagan, is é an leagan Béarla a bheidh i réim.

Fógra Príobháideachais do Chustaiméirí

Cén cuspóir atá leis an doiciméad seo?
Leagtar amach san fhógra príobháideachais seo an chaoi a mbailímidne, My Future Choice Group Limited (“MyFutureChoice” anseo feasta), cuideachta theoranta atá cláraithe i Sasana faoi uimhir chuideachta 14104709, na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn trí úsáid a bhaint as ár suíomhanna gréasáin, agus an chaoi a stórálaimid agus a n-úsáidimid iad, mar shampla nuair a chláraíonn tú le haghaidh ár nuachtlitreach agus/nó nuair a cheannaíonn tú ár gcláir nó ár leabhair, nuair a iarrann tú faisnéis nó nuair a chláraíonn tú le haghaidh imeachtaí (cibé trínár suíomh gréasáin, ar an teileafón nó trí ríomhphost).

Táimid tiomanta do d’fhaisnéis phearsanta a chosaint. Aon uair a sholáthraíonn tú faisnéis phearsanta dúinn, tá oibleagáid dhlíthiúil orainn í a úsáid de réir na ndlíthe uile a bhaineann le cosaint faisnéise pearsanta (tagraímid do na dlíthe sin le chéile san fhógra príobháideachais seo mar “na dlíthe cosanta sonraí”).

Baineann an fógra príobháideachais seo le custaiméirí a cheannaíonn cláir nó leabhair uainn agus/nó a úsáideann ár suíomhanna gréasáin. Tá sé tábhachtach go léifeá an fógra seo, mar aon le haon fhógra nó beartas príobháideachais eile a d’fhéadfaimis a sholáthar ar ócáidí sonracha nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á bailiú nó á próiseáil againn.

Cén fhaisnéis a bhaileoimid fút?
Ciallaíonn sonraí pearsanta, nó faisnéis phearsanta, aon fhaisnéis faoi dhuine aonair ar féidir an duine aonair sin a aithint uaithi. Ní áirítear leo sonraí ar baineadh an t-aitheantas astu (sonraí anaithnide).

Féadfaimid na catagóirí faisnéise pearsanta seo a leanas fút a bhailiú, a stóráil agus a úsáid:

  • Sonraí aitheantais agus teagmhála, amhail d’ainm, do theideal, do sheoladh billeála, do sheoladh seachadta, do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir theileafóin.
  • Sonraí airgeadais, amhail sonraí do chuntais bhainc agus do chárta íocaíochta.
  • Sonraí idirbhirt, lena n-áirítear sonraí faoi íocaíochtaí chugat agus uait agus sonraí eile faoi tháirgí a cheannaigh tú uainn.
  • Sonraí teicniúla agus úsáide faoin gcaoi a n-úsáideann tú ár suíomh gréasáin, agus faoi do threalamh, do ghníomhartha brabhsála agus do phatrúin bhrabhsála.
  • Sonraí margaíochta agus cumarsáide, lena n-áirítear do roghanna maidir le hábhar margaíochta a fháil uainn agus ónár dtríú páirtithe, agus do roghanna cumarsáide.

Féadfaimid freisin sonraí comhiomlánaithe, amhail sonraí staitistiúla nó déimeagrafacha, a bhailiú, a úsáid agus a chomhroinnt chun aon chríche. Féadfar sonraí comhiomlánaithe a dhíorthú ó do shonraí pearsanta, ach ní mheastar gur sonraí pearsanta iad faoin dlí, toisc nach nochtann na sonraí sin d’aitheantas go díreach ná go hindíreach. Mar shampla, féadfaimid do shonraí úsáide a chomhiomlánú chun céatadán na n-úsáideoirí a fhaigheann rochtain ar ghné shonrach den suíomh gréasáin a ríomh. Má dhéanaimid sonraí comhiomlánaithe a chomhcheangal nó a nascadh le do shonraí pearsanta, áfach, sa chaoi gur féidir leo tú a aithint go díreach nó go hindíreach, caithimid leis na sonraí comhcheangailte mar shonraí pearsanta a úsáidfear de réir an fhógra príobháideachais seo.

Ní bhailímid aon chatagóirí speisialta sonraí pearsanta fút (áirítear leo sin sonraí faoi do chine nó d’eitneacht, do chreideamh reiligiúnach nó fealsúnach, do shaol gnéis, do ghnéaschlaonadh, do thuairimí polaitiúla, do bhallraíocht i gceardchumann, faisnéis faoi do shláinte, agus sonraí géiniteacha agus bithmhéadracha). Ní bhailímid ach oiread aon fhaisnéis faoi chiontuithe agus cionta coiriúla.

Conas a bhaileoimid agus a úsáidfimid d’fhaisnéis phearsanta?
De ghnáth, bailímid d’fhaisnéis phearsanta go díreach uait nuair a úsáideann tú ár suíomh gréasáin nó má fhreastalaíonn tú ar imeacht a reáchtálaimid. Úsáidimid modhanna éagsúla chun sonraí a bhailiú uait agus fút, lena n-áirítear trí na nithe seo a leanas:

  • Idirghníomhaíochtaí díreacha. Féadfaidh tú d’fhaisnéis phearsanta a thabhairt dúinn nuair a bhuaileann tú linn ag ár n-imeachtaí, nuair a líonann tú foirmeacha ar ár suíomh gréasáin, nó nuair a dhéanann tú comhfhreagras linn tríd an bpost, ar an teileafón, trí ríomhphost nó ar shlí eile. Áirítear leis sin sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú nuair a cheannaíonn tú ár dtáirgí, nuair a liostálann tú le haghaidh ár nuachtlitreach nó foilseachán eile, nuair a iarrann tú go seolfaí ábhar margaíochta chugat, nó nuair a thugann tú aiseolas dúinn.
  • Teicneolaíochtaí nó idirghníomhaíochtaí uathoibrithe. Agus tú ag idirghníomhú lenár suíomh gréasáin, féadfaimid sonraí teicniúla faoi do threalamh, faoi do ghníomhartha brabhsála agus faoi do phatrúin bhrabhsála a bhailiú go huathoibríoch. Bailímid na sonraí pearsanta sin trí fhianáin, logaí freastalaí agus teicneolaíochtaí comhchosúla eile a úsáid. Féadfaimid soláthraithe anailísíochta, amhail Google, a úsáid freisin chun sonraí teicniúla a bhailiú.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach amháin nuair a cheadaíonn an dlí dúinn é sin a dhéanamh. Is minice a úsáidfimid do shonraí pearsanta sna cúinsí seo a leanas:

  • I gcás inar gá dúinn an conradh atáimid ar tí a dhéanamh leat, nó atá déanta againn leat, a chomhlíonadh.
  • I gcás ina bhfuil sé riachtanach ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha (nó le leasanna tríú páirtí) agus nach sáraíonn do leasanna agus do chearta bunúsacha na leasanna sin.
  • I gcás inar gá dúinn oibleagáid dhlíthiúil nó rialúcháin a chomhlíonadh.

Na críocha dá n-úsáidfimid d’fhaisnéis phearsanta
Leagtar amach thíos, i bhformáid tábla, cur síos ar na bealaí a bhfuil sé beartaithe againn do shonraí pearsanta a úsáid, agus cé acu de na bunúis dlí a bhfuilimid ag brath orthu chun é sin a dhéanamh. Tá ár leasanna dlisteanacha sainaitheanta againn freisin, nuair is iomchuí. Tabhair faoi deara go bhféadfaimis do shonraí pearsanta a phróiseáil ar níos mó ná foras dleathach amháin, ag brath ar an gcuspóir sonrach dá bhfuilimid ag úsáid do shonraí. Déan teagmháil linn más gá duit sonraí faoin bhforas dlí sonrach a bhfuilimid ag brath air chun do shonraí pearsanta a phróiseáil, i gcás ina bhfuil níos mó ná foras amháin leagtha amach sa tábla thíos.

Cuspóir/GníomhaíochtBunús dleathach don phróiseáil, lena n-áirítear bunús an leasa dhlisteanaigh
D’ordú a phróiseáil agus a sheachadadh, agus ár gcaidreamh leat a bhainistiú ar shlí eile.Conradh leat a chomhlíonadh. Riachtanach ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha (chun ár dtaifid a choinneáil cothrom le dáta agus chun staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann custaiméirí ár dtáirgí/seirbhísí)
Ár ngnó agus an suíomh gréasáin seo a riar agus a chosaint (lena n-áirítear fabhtcheartú, anailís sonraí, tástáil, cothabháil córas, tacaíocht, tuairisciú agus óstáil sonraí).Riachtanach ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha (chun ár ngnó a reáchtáil, chun seirbhísí riaracháin agus TF a sholáthar, ar mhaithe le slándáil líonra, chun calaois a chosc, srl.) Riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh
Ábhar ábhartha suímh ghréasáin a sheachadadh duit agus anailísíocht sonraí a úsáid chun feabhas a chur ar ár suíomh gréasáin, ar ár dtáirgí/seirbhísí, ar ár margaíocht, ar ár gcaidrimh le custaiméirí agus ar eispéiris custaiméiríRiachtanach ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha (chun ár suíomh gréasáin a choinneáil cothrom le dáta agus ábhartha, chun staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann custaiméirí ár dtáirgí/seirbhísí, chun iad a fhorbairt, chun ár ngnó a fhás agus chun bonn eolais a chur faoinár straitéis mhargaíochta)
Moltaí a dhéanamh duit faoi earraí nó seirbhísí a bhféadfadh spéis a bheith agat iontu.Riachtanach ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha (chun ár dtáirgí/seirbhísí a fhorbairt agus ár ngnó a fhás)

I gcás inar gá dúinn do shonraí pearsanta a bhailiú chun na gcríoch atá leagtha amach thuas (mar shampla, chun conradh a dhéanamh leat nó a chomhlíonadh), mura soláthraíonn tú na sonraí sin nuair a iarrtar iad, b’fhéidir nach mbeimid in ann an conradh atá againn leat, nó atáimid ag iarraidh a dhéanamh leat, a chomhlíonadh (mar shampla, na táirgí is mian leat a cheannach
nó an nuachtlitir is mian leat a fháil a sholáthar duit), nó b’fhéidir nach mbeimid in ann ár seirbhísí a sholáthar duit ar shlí eile (mar shampla, freagra a thabhairt ar iarratas nó ar fhiosrúchán a chuireann tú chugainn).

Margaíocht
Féadfaimid do shonraí aitheantais, teagmhála, teicniúla agus úsáide a úsáid chun tuairim a fhoirmiú faoina gceapaimid a d’fhéadfadh a bheith uait nó ag teastáil uait, nó a bhféadfadh spéis a bheith agat ann. Is mar sin a chinnimid cé na táirgí agus na tairiscintí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha duit.

Gheobhaidh tú cumarsáid mhargaíochta uainn má d’iarr tú faisnéis uainn nó má cheannaigh tú earraí uainn agus, i ngach cás díobh sin, mura bhfuil rogha déanta agat gan an mhargaíocht sin a fháil. Is féidir leat rogha a dhéanamh tráth ar bith gan teachtaireachtaí margaíochta a fháil uainn.

Conas a úsáidimid fianáin nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin
Is éard is fianán ann comhad beag a iarrann cead go gcuirfí ar thiomántán crua do ríomhaire é. Nuair a aontaíonn tú, cuirtear an comhad leis agus cabhraíonn an fianán le trácht gréasáin a anailísiú, nó cuireann sé in iúl duit nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh áirithe. Ligeann fianáin d’fheidhmchláir ghréasáin freagairt duit mar dhuine aonair. Is féidir leis an bhfeidhmchlár gréasáin a chuid oibríochtaí a chur in oiriúint do do riachtanais agus do na rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leat, trí fhaisnéis faoi do roghanna a bhailiú agus a mheabhrú.

Is féidir leat do bhrabhsálaí a shocrú chun gach fianán brabhsálaí nó cuid acu a dhiúltú, nó chun foláireamh a thabhairt duit nuair a shocraíonn suíomhanna gréasáin fianáin nó nuair a fhaigheann siad rochtain orthu. Má dhíchumasaíonn tú fianáin nó má dhiúltaíonn tú iad, tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin seo, nó nach bhfeidhmeoidís i gceart.

Naisc chuig suíomhanna gréasáin eile
D’fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ar díol spéise iad a bheith ar ár suíomh gréasáin. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil aon smacht againn ar an suíomh gréasáin eile sin nuair a bheidh na naisc sin úsáidte agat chun ár suíomh a fhágáil. Dá bhrí sin, ní féidir linn a bheith freagrach as cosaint ná príobháideacht aon fhaisnéise a sholáthraíonn tú agus tú ar cuairt ar shuíomhanna den sórt sin, agus ní rialaítear suíomhanna den sórt sin leis an ráiteas príobháideachais seo. Ba cheart duit a bheith cúramach agus féachaint ar an ráiteas príobháideachais is infheidhme maidir leis an suíomh gréasáin atá i gceist.

Conas a chomhroinnfimid agus a nochtfaimid d’fhaisnéis phearsanta?

Féadfaimid d’fhaisnéis phearsanta a chomhroinnt le tríú páirtithe nuair a cheanglaítear sin le dlí, nuair is gá sin chun an caidreamh oibre leat a riar, nó nuair atá bunús dleathach eile againn chun é sin a dhéanamh.

B’fhéidir go mbeidh orainn d’fhaisnéis phearsanta a chomhroinnt leis na páirtithe seo a leanas chun na gcríoch ábhartha atá leagtha amach thuas:

  • Ár soláthraithe íocaíochta (amhail Stripe, PayPal agus WorldPay).
  • Ár soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí TF agus riaracháin córas, agus seirbhísí teicniúla TF eile, lena n-áirítear anailísíocht sonraí.

Ní cheadaímid dár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí do shonraí pearsanta a úsáid chun a gcríocha féin, agus ní cheadaímid dóibh do shonraí pearsanta a phróiseáil ach chun críocha sonraithe agus de réir ár dtreoracha.

I gcás inar rialaitheoirí sonraí ina gceart féin iad na tríú páirtithe a úsáidimid (mar shampla, na próiseálaithe íocaíochta a úsáidimid), beidh siad faoi réir na ndlíthe cosanta sonraí freisin.

Aistrithe idirnáisiúnta
Ní aistrímid d’fhaisnéis phearsanta (agus ní cheadaímid dár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí í a aistriú)
lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta.

Slándáil sonraí
Tá bearta slándála iomchuí curtha i bhfeidhm againn chun cosc a chur ar d’fhaisnéis phearsanta a chailleadh trí thimpiste, nó a úsáid, a rochtain, a athrú nó a nochtadh ar bhealach neamhúdaraithe. Ina theannta sin, ní thugaimid rochtain ar d’fhaisnéis phearsanta ach do na fostaithe, na gníomhairí, na conraitheoirí agus na tríú páirtithe eile sin a bhfuil gá gnó acu léi. Ní phróiseálfaidh siad d’fhaisnéis phearsanta ach de réir ár dtreoracha, agus tá siad faoi réir dualgas rúndachta. Is féidir sonraí faoi na bearta sin a fháil uainn trí úsáid a bhaint as na sonraí sa roinn “Teagmháil a dhéanamh linn” thíos.

Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm againn freisin chun déileáil le haon sárú amhrasta ar shlándáil sonraí, agus cuirfimid sárú amhrasta in iúl duit agus d’aon rialtóir infheidhme i gcás ina gceanglaítear orainn é sin a dhéanamh de réir dlí.

Cá fhad a choinneoimid d’fhaisnéis phearsanta?
Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críocha dár bhailíomar iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear chun aon cheanglais dhlíthiúla, chuntasaíochta nó tuairiscithe a shásamh. Chun an tréimhse choinneála iomchuí do shonraí pearsanta a chinneadh, breithnímid méid, cineál agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an baol díobhála a d’fhéadfadh teacht as úsáid nó nochtadh neamhúdaraithe do shonraí pearsanta, na críocha dá bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus an féidir linn na críocha sin a bhaint amach ar bhealaí eile, agus na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme.

De réir dlí, ní mór dúinn faisnéis bhunúsach faoinár gcustaiméirí (lena n-áirítear sonraí teagmhála, aitheantais, airgeadais agus idirbhirt) a choinneáil ar feadh sé bliana tar éis dóibh scor de bheith ina gcustaiméirí, chun críocha dlí agus cánach.

I gcúinsí áirithe, is féidir leat iarraidh orainn do shonraí a scriosadh: féach an roinn thíos chun tuilleadh faisnéise a fháil. Tabhair faoi deara go bhféadfaimis do shonraí pearsanta a anaithnidiú (ionas nach féidir iad a cheangal leat a thuilleadh) chun críocha taighde nó staidrimh, agus sa chás sin féadfaimid an fhaisnéis sin a úsáid go héiginnte gan fógra breise a thabhairt duit.

Do chearta cosanta sonraí
I gcúinsí áirithe, tá cearta agat faoi na dlíthe cosanta sonraí maidir le d’fhaisnéis phearsanta. D’fhéadfadh na cearta seo a leanas a bheith i measc na gceart sin:

  • Rochtain a iarraidh ar d’fhaisnéis phearsanta (ar a dtugtar “iarratas rochtana ó ábhar sonraí” de ghnáth). Cuireann sé seo ar do chumas cóip den fhaisnéis phearsanta atá againn fút a fháil agus a sheiceáil go bhfuilimid á próiseáil go dleathach.
  • Ceartú na faisnéise pearsanta atá againn fút a iarraidh. Cuireann sé seo ar do chumas a iarraidh go gceartófaí aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn atá againn fút.
  • Léirscriosadh d’fhaisnéise pearsanta a iarraidh. Cuireann sé seo ar do chumas iarraidh orainn faisnéis phearsanta a scriosadh nó a bhaint nuair nach bhfuil aon chúis mhaith ann go leanfaimis dá próiseáil. Tá sé de cheart agat freisin iarraidh orainn d’fhaisnéis phearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcás inar fheidhmigh tú do cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála (féach thíos).
  • Agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil d’fhaisnéise pearsanta. Tá feidhm ag an gceart seo i gcás ina bhfuilimid ag brath ar ár leasanna dlisteanacha (nó ar leasanna tríú páirtí) agus go bhfuil gné éigin de do chás ar leith a fhágann gur mian leat agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála ar an bhforas sin. Tá sé de cheart agat freisin agóid a dhéanamh i gcás ina bhfuilimid ag próiseáil d’fhaisnéise pearsanta chun críocha margaíochta dírí.
  • Srian ar phróiseáil d’fhaisnéise pearsanta a iarraidh. Cuireann sé seo ar do chumas iarraidh orainn próiseáil faisnéise pearsanta fút a chur ar fionraí, mar shampla más mian leat go suífimis cruinneas na faisnéise nó an chúis lena próiseáil.
  • Aistriú d’fhaisnéise pearsanta chuig páirtí eile a iarraidh (ar a dtugtar an “ceart chun iniomparthacht sonraí”).
  • An ceart toiliú a tharraingt siar. In aon chúinsí inar bhraitheamar ar do thoiliú le bailiú, próiseáil agus aistriú d’fhaisnéise pearsanta chun críche ar leith, tá sé de cheart agat do thoiliú don phróiseáil shonrach sin a tharraingt siar tráth ar bith. Nuair a bheidh fógra faighte againn go bhfuil do thoiliú tarraingthe siar agat, ní phróiseálfaimid d’fhaisnéis a thuilleadh chun na críche nó na gcríoch ar aontaigh tú leo ar dtús, mura bhfuil bunús dlisteanach eile againn chun é sin a dhéanamh faoin dlí. Ní dhéanfaidh sé sin difear do dhlíthiúlacht aon phróiseála a rinneadh sular tharraing tú do thoiliú siar.

Más mian leat aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as na sonraí sa roinn “Teagmháil a dhéanamh linn” thíos.

Ní bheidh ort táille a íoc chun rochtain a fháil ar d’fhaisnéis phearsanta (ná chun aon cheann de na cearta eile a fheidhmiú). Mar sin féin, féadfaimid táille réasúnach a ghearradh má tá d’iarratas go soiléir gan bhunús, athráiteach nó iomarcach. Mar mhalairt air sin, féadfaimid diúltú d’iarratas a chomhlíonadh sna cúinsí sin.

B’fhéidir go mbeidh orainn faisnéis shonrach a iarraidh ort chun cabhrú linn d’aitheantas a dheimhniú agus do cheart rochtain a fháil ar d’fhaisnéis phearsanta (nó aon cheann eile de do chearta a fheidhmiú) a áirithiú. Is beart slándála é sin chun a áirithiú nach nochtar faisnéis phearsanta d’aon duine nach bhfuil de cheart aige nó aici í a fháil. Féadfaimid teagmháil a dhéanamh leat freisin chun tuilleadh faisnéise a iarraidh ort maidir le d’iarratas, d’fhonn dlús a chur lenár bhfreagra.

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar gach iarratas dlisteanach laistigh de mhí amháin. Uaireanta, d’fhéadfadh sé níos mó ná mí a thógáil orainn má tá d’iarratas an-chasta nó má tá roinnt iarratas déanta agat. Sa chás sin, cuirfimid é sin in iúl duit agus coinneoimid ar an eolas thú.

An tÚdarás Cosanta Sonraí
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh tráth ar bith le húdarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe maidir le saincheisteanna cosanta sonraí. Is í sin Oifig an Choimisinéara Faisnéise (ICO), agus is féidir teacht ar shonraí na hoifige sin trí shuíomh gréasáin an ICO ag https://ico.org.uk/global/contact-us/

Ba mhór againn, áfach, an deis a fháil déileáil le d’ábhair imní sula dtéann tú i dteagmháil leis an ICO; mar sin, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as na sonraí sa roinn “Teagmháil a dhéanamh linn” thíos.

Athruithe ar an bhfógra príobháideachais seo
Forchoimeádaimid an ceart an fógra príobháideachais seo a nuashonrú tráth ar bith, agus cuirfimid fógra príobháideachais nua ar fáil duit nuair a dhéanfaimid aon nuashonruithe substaintiúla. Féadfaimid fógra a thabhairt duit ar bhealaí eile ó am go ham freisin faoi phróiseáil d’fhaisnéise pearsanta.

Má tá aon cheist agat faoin bhfógra príobháideachais seo, cuir in iúl dúinn é trí úsáid a bhaint as na sonraí “Teagmháil a dhéanamh linn” thíos.

Teagmháil a dhéanamh linn
Seo a leanas ár sonraí:
My Future Choice Group Limited
97 Alderley Road
Wilmslow
Cheshire
SK9 1PT
An Ríocht Aontaithe
Fón: +44 (0)1362 688722
Ríomhphost: [email protected]